School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 213
- XML “Seanfhocail”
- XML “Protastúnach agus a Chlann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)16. Mol an óige agus tiocfhaid[h] sí.
17. Cailín aige Móra agus Móra id'iarraidh déirce.
18. Ní thagann an óige fé dhó choidhche.
19. Ní dub[h]airt galar fada bréag.
20. Go mba abhar teine a thagann ó Shasana anall má thagann é a chaitheamh le h-ab[h]ann.
21. Is fada ón charraig an áit seo
22. Nuair a bhíonn an cat amuigh bíonna na luc[h]a ag rinnce.
Fuair me iad so ó m'athair. 56 blian - Protastúnach agus A Chlann
Bhí fear ann uair amháin agus protastúnach a b'ead[h] é. Bhí seachtar mac aige agus d'iompuigheadar go léir 'na gcaitlicigh. T[h]eig[h]eadh an seachtar go dtí an aifreann gach Domhnach agus bhíodh an t-athair sa mbaile.
Nuair a thagaidís ón aifreann sé an rud a dearfadh an t-athair leo ná "cad dubhairt an sagart indiu" "Aililiúia" a déarfaidís mar sin é an rud a d'airighídís ón sagart. Fuair an t-athair bás agus ní leigfhadh an sagart dóibh é a chur i macha an t-séipéil. B'é an rud a dheineadar ná é a chur i ngáirdín a bhí ar aghaidh an tighe gairid do'n mbóthar. Ní raibh sé i bhfad curtha nuair a d'fhás crann as an áit na raibh sé curtha. Bhí bileóga ar agus bhí gach ceann acu chómh mór le leath róid coise [?] agus bhí "Aililiúia" sgríobhtha trí bhota in gach ceann acu.
Romharadar é agus fuaireadar amach gur ag fás amach [as] a cheann a bhí sé. Fuair mé é sin ó m'athair- Collector
- Seán Ó Lonáin
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford