School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 208
- XML “Fear Bocht”
- XML “Seán De h-Óra”
- XML “Sprideanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cloc[h]a ceangailte agus madraí sgaoilte. Fuair mé an scéal seo ó mo athair. An Rinn. 56 blian d'aois.
- Séan de h-Órdha
Bhí fear ann fadó darb ainm Séan D[e] h-Órdha. Fear an-dhona do b'eadh é. Bhí s[é] ina chómhnuidhe in tig beag, agus ní raibh aoinne leis acht é fhéin. Nuair a bhí sé a[g] fág[h]ailt bháis, dubhairt sé le buachaill dul f[é] dhéin an tsagairt do. D'imthig an buachaill fé dhéin an tsagairt acht ní thiocfhadh sé. Sé an rud a dhein an fear annsan acht a fhaoisidín a scríobh ar dhá chloich. Annsan fuair an fear bás, agus sé an rud a dubhairt an sagart acht go raibh sé fhéin damanta, agus gur chuaidh Seán de h-Órdh[a] go dtí sna flaithis.
Dheineadh dán mór mar g[h]eall ar an bhf(h)ear san - sé an ainm a bhí ar ná "Faoisidín Fhada Seán De h-Órdha. Fuair mé an scéal seo ó m'athair. 56 blian d'aois. - Sprideanna
Bhí fear ann fadó, agus bhí guna mór aige. Theig[h]eadh sé amach gach oidhche, agus thugadh sé an ghuna leis. Aon oidhche amháin chuaidh sé amach, agus bhí sé ag dul thar tig mór agus bhí an áit lán de sprideanna.(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Lonáin
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford