School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 305
- XML “Sprid”
- XML “Déirce”
- XML “Goid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)h-inghean féin Brighdhe a bhí tar éis báis le trí bliain. Do chuaidh an bean bocht abhaile agus chuaidh sí a codladh ach bhí an gearrcaile istigh sa leaba agus an t-aon focal amháin á rá aici "Paidir, paidir". Ansan timpeall a dhá buile déag d'imigh an sprid.
- Bhí bean ann fadó agus bhí sí an-bhocht. An lá seo ní raibh aon rud le n-ithe aici. Tháinigh bean go dtí an doras ag lorg lóistín ar feadh na h-oíche.
Dúirt an bean bocht léi teacht isteach agus go bhfaigheadh sí suí ar an gcathaoir cois na tine go dtí maidin ach ná raibh aon rud le n-ithe sa tigh aici a thabharfadh sí di.
Tháinigh an bean isteach agus shuí sí ar an gcathaoir cois na tine agus chuaidh an bean bocht eile a codladh. Nuair d'éirigh an bean bocht ar maidin bhí an bean a bhí ar an gcathaoir imithe agus bhí an bórd leagtha amach le gach saghas bia.- Collector
- Eibhlín Nic Craith
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford
- Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé i gcónaí a guid. Ní raibh a fhios ag aoinne cá raibh as an fear agus bhí na Gárdaí leath-marbh ag iarraidh d'fháil amach.
An oíche seo chuaidh na Gárdaí amach ag faire ar an bhfear féachaint a bhfaigheadh siad greim d'fhághailt air. Tháinigh an fear agus nuair a bhí sé(continues on next page)