School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 227
- XML “Bád a Bádh”
- XML “Oíche Naomh Mártan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- D'airigh mé sgéal an oidhche fé dheire mar gheall ar bád a tháinig isteach in-aice le Baile na Gall. Maidin amháin bhí fear ag dul ag iascaireacht agus nuair a bhí sé a teacht gairid do'n mbád a bhí aige féin. Chonnaic sé rud mór amuigh sa bhfarraige. Nuair a bhí an taoide imthighthe amach tháinig sé arís agus chonnaic sé bean áluinn agus fáinní áluinne air a méireanna agus an bád timcheall míle uaite. Do bhí an bád lán de gual agus adhmad. Tógadar an bhean agus ghearradar na méireanna di chun na fáinní d'fhághailt. Bhriseadar an bád suas. Ní fheadar mé cad a dheineadh léi annsan.
- Do bhí féile oidhche fheil Mártan ann an oidhche fé deire. Gach oidhche Naomh Mártan mharbhuigheann na daoine rud éigint chu fuil a tharrainngt agus dá gcoimfeá an fuil sin nuair a bheadh tinneas ort agus chuid den fuil d'ól leighidfidhe tú. Ní théigheann aon báid ag iascaireacht oidhche Naomh Mártain. Bíonn oidhche Naomh Mártan againn ar an 10adh lá de Samhna. Naoi n-oidhche agus oidhche gan áireamh ó(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Churraoin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Baile na Cúirte Theas, Co. Waterford
- Informant
- Michéal Currín
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Ringville, Co. Waterford