School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 272
- XML “An tAirgead”
- XML “Déirce”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duit an plannda seo ar an mbuin sin agut. "Tá go maith" arsa sé.
Nuair a chuaidh sé abhaile bhí an bhean sa mbaile agus nuair d'airig sí gur planda a fuair sé uirre thosnaigh sí a bucéad. Cuir an buachaill an plannda agus ar maidin nuair d'fhéach sé amach do bhí crann fásta suas san spéir. Chuaidh sé amach agus anairde leis. Bhí bóthar anáirde ann. Chuaidh sé go dtí doras tigh éigin agus d'oscail bean a tigh an doras. Dúirt sé leí "Lig isteach mé" agus dúirt sí go raibh faiteach istig. Chuaidh sé isteach i gan fhios di agus isteach leis i mbosca beag. Tháinig an faiteach isteach agus shuí sé síos. Thuit sé a codladh agus bhí dhá mála d'óir ann. Fuair an buachaill iad agus rith sé abhaile. - Uair amháin chuaidh fear ag lorg déirce agus chuaidh sé isteach i dtigh feirmeora agus dúirt sé le bean a tighe "Tabhar dom braon bainne". "Níl agam ach an méid a dhéanaigh an té agus na páistí". D'imigh an fear agus chuaidh sé isteach i dtigh eile. Ní raibh aoinne istigh ach bean. Ní raibh aici ach braon bainne agus thug sí dó é. D'imigh sé agus nuair d'éirigh an bean ar maidin bhí bó bán ina sheasamh ag an doras agus do crúaidh sí í agus líon gach rud. Ní raibh an bean(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Dhonnabháin
- Gender
- Female
- Address
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford