School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
![The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 362](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0642%2FCBES_0642_362.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 362
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Tiocfaidh mo dhian-grá chughamsa amárach
Ní fhágfaidh sí mé níos mó.
Níl fhios m'ainm ná mo shloinne aici
Agus mise Spin Mhic Mhadra an Dúin".
Nuair a chuaidh an buachaill abhaile go dtí a dhinnéar. D'inis sé mar gheall ar an bhfear beag a tháinigh go doras an leasa agus d'inis sé cad é an t-amhrán a bhí aige.
Ansan bhí an ainm ag an gcailín arís agus um tráthnóna nuair a chuaidh an cailín fé dhéin na mba tháinigh an fear beag go dtí doras an leasa agus d'fhiafraigh sé den cailín cad é an ainm a bhí air.
"Spin Mhic Mhadra an Dúin is ainm duit" ar sí. "Is maith an gnó dhuit-se gur airigh an buachaill mise ag amhrán" ar sé "mar muna mbeadh san bheidhfeá anseo im fhochair go deo".- Collector
- Nioclás Mac Craith
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford
- Informant
- Nóra Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Address
- Ringville, Co. Waterford