School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 27
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé O Baoighill ar an phairc. Taínigh fearg mhór air agus dubhairt sé go mbeadh sasamh aige, as O Brógan. D’eirighe sé go fad salach agus rínn sé a mbriochfeaste agus thug sé a deinear go dtí an chuibséann leis. Cuir sé fáilte mór roimh O Baoghill agus annsín thoisigh siad ag báint. Níor leigh O Brogán air fhéin go rabh fearg ar bith air acht d’iarr sé ar O Baoighill a gabhal isteach ins an t-sráith roimh. Níor chuir O Baoighill suimh ar bith ann agus chuaidh sé isteach roimh O Brogáin. Thoisigh siad ag baint, acht bhí O Brogáin igcomhnuidhe ag radh léis O Baoighill go rabh sé ina bhealach.
Thainíg fearg mór [air] ar O Baoighill agus d’iarr sé ar O Brogáin a ghabhal isteacht ins an t-sraith roimh. Bhí O Brogán, costarnocht acht bá chuma lé O Brogáin. Chuaidh O Brogáin isteach ins an t-sraith agus toisigh an bheirt ag báint. Acht b’éigin do O Brogáin pilleadh ina báile airist agus a bhroga a chuir air ar [eagl] eágla go mbáinfeadh O Baoighill na cosa dé. Tháinig sé ar [aréaf] agus báint siad leobhtha go dtí an tráthnóna. Báint siad cheithre chocaí móra déag, agus deireann na sean dáoine gur sín an spealadoireacht abh fearr a rinneadh ins an paróiste seó ariamh.- Collector
- Seán O Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Ardvally, Co. Donegal