Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)
- Suíomh:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 63
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí muilteoir ann aon uair amhain agus bhí trí searbhontaidhe aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)go bhfuigheadh seisean capall níos fearr ná an bheirt eile. D'imthigh sé leis agus níorbh fhada gur chas cat mór bán air. "Bá bhfuil tú ag gabhail?" arsa'n cat. "Ó, ní dhéanaidh tú maith ar bith dom," arsa'n fear. "Tar liom," arsa'n cat "agus cuidigh liom caisleán a thógáil agus tabharfaidh mé an capall is fearr in Éirinn duit." Chuaidh sé leis an chat go dtí a chaoisleán. Ní rabh duine ar bith le cuidighadh leithí annsin acht trí phisín. Bhí leabaidh ins an choirneál agus bhí gach cineál bidh ar. D'iarr an cat air ithe. Rinn sé seo. Annsin thaisbean an cat leabaidh bheag do agus d'iarr ar a ghabhail a luighe. An lá ina dhiaidh sin thug an cat na h-uirléisí do'n fhear agus thoisigh sé ag tógáil an chaisleáin. Ní rabh sé acht mí ag tógail an chaisleáin agus thaisbean an cat na caiple go léir a bhí aicí dó. D'iarr an cat air a ghabhail abhaile agus go dtiocfaidh seisean i gcionn trí lá agus go mbeadh na caiple léithí. Nuair a shroich an fear an muilleann bhí an bheirt fhear eile roimhe agus bhí na caiple aca. D'iarr siad ar cá rabh a chapall sa agus dubhairt seisean go rabh sé ag teacht i gcionn trí lá. D'iarr sesiean órtha cá rabh na caiple a fuair siad. Thaisbean siad na caiple dó, acht bhí cionn amháin aca bacach agus bhí an ceann eile dall. Nuair dubhairt seisean rud ar bith acht thoisigh ag gairidhe. Nuair a bhí na trí lá caithte tháinig carabad deas go dtí an doras agus bhí capall mór buidhe ag tarraingt an charabhaid. Tháinig bainrioghain amach aistí agus chuaidh isteach ins an mhuilleann. D'iarr sí ar an mhuilteoir theacht amach go bhfeicfeadh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal