School: Caiseal (roll number 13055)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: G.P. Pléimeann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal
- XML Page 021
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar fhasgadh go dtí go mbhéidh an fhearthainn thart.
Diúltuigh siad an fasgadh dó agus dubhairt seisean go mbéadh fasgadh a dhit ortha fhein roimh an maidin agush nach bhfuigheadh siad é. I lár an oidhche tháinic an doineann go h-an trom agus leagadh na ballaí ar an thoigh sin agus ní rabh siad abalta fasgadh a fhaghail in áit ar bith. - Nuair a bhí Naomh Colmcille i na chomhnuidhe ar an Bhiofán bhíodh sé ag tarngaireacht. Seo cuid de'n tarngaireacht.
Dubhairt sé go dtiocfadh much dubh anios agus go gcuirfeadh sé muintir Ghlinne uligh amac ins an Poll Ghorm ach amháin na daoine a bhead in a seasamh ar chloic atá eadar an Bhiofan agus an Bhaile Árd. Nuair a bhéafar ag troid an chogaidh dheireannaigh ar an domhan a tiochfas an mhuc dhubh seo.
Dubhairt sé go mbéadh droichid ar achan sruithan comh maith leis na h-abhnacha agus go (mbeadh?) na fir ag obair ar a gcuid féirm fhéin agus iad a fhaghail páighe roimhe deireadh an domhain.
Dubhairt sé nach muirbhfidhe duine ar bith sa Ghleann seo le tairneach nó le splaince.
Dubhairt sé fosta go mbéadh crainn ag fás ar(continues on next page)- Collector
- Proinseas Ó Miannáin
- Gender
- Male