Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 060
- XML “Na Dlíthe Peannaideacha agus an Ceantar Seo”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nac bhfuil sé ceart na clocha seo a chorrughadh ach uair amháin. Chuir fear ceann de na clocha ar bheathach agus thug abhaile í agus nuair a d’éirigh é ar maidin bhí an beathach marbh.
Fosda tá sean-teampall thíos ar an leath-Choill agus bheirtear teampall na Manach air agus nuair a bhithear ag cur an tóir ar na manaigh d’fág fear amháin lorg a chos i gcloich atá comhgarach d’on teampall agus nuair atá uisge ins an chloich seó léasann sé duine ar bith a mbíonn fuinneadh air.
Fosda ní bhaineann duine ar bith d’on fheár nó dó na crainn atá thart f’an teampall seo nó deir siad go bhfuil sé an-uasal. - Nuair a bhí Produstúnaigh go daingean láidir annseo bhíodh duine ag gabhail thart ag tabhairt proístí do na Caitliocaighe. Lá amháin bhí sagart ag dul suas an bealach comhgarach do Cill Gawley agus é ag marcaigeacht ar chapall.
Chonnaic sé Produstúnach ag dul isteach i dteach agus lán a dhoirn de phroístí leis. Chuaidh an sagart isteach i-na dhiaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Mac Giolla Easbuic
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Curraoin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 18
- Seoladh
- An Bhráid Íochtarach, Co. Donegal