School: Caiseal (roll number 13055)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: G.P. Pléimeann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sul a dtáinic Naomh Colmcille chun na h-áite cuireadh an tóir air ó Conndae eile i n-Éirinn. Annsin tháinic sé isteach annseo.
Bhí sé tamall istigh annseo agus nuair a bhí sé ghá fhagháil rinn sé turas agus i n-áit amháin tá cosamhlacht cathaoireach deanta istigh i gcloich.
Agus nuair a shuidh Colmcille istigh sa chathaoir seo dubhairt sé go sgairteadh sé Gleanncolmcille ar achan áit dhá rabh sé ag amharc air o'n chathaoir sin. - Dubhairt Naomh Colmcille go rabh sean teach amuigh i nGleann Locha agus nuair a thiocfadh an cogadh go mbéad lán an toighe sabhailte.
Nach muirbhfidhe duine ar bith sa ghleann seo le tairneach.
Go mbéadh Éire saor sa bhliadhain naoi gcéad déag is a dachadh.
Go dtiocfadh rud isteach ins na Cealla Beaga a bhéadh ag cur teinidh amac ar a bheal.
Go mbéad na sgéaltaí ag gabhail ar bharr bataí.(continues on next page)- Collector
- Proinseas Mac Fhionnlaoich
- Gender
- Male