Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 036
- XML “Pisreogaí fá Phósadh”
- XML “Pisreogaí fá Phósadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)éiginteacht a lá sin.
5. Fád ó shoin nuair a bhéad baineis ann bhíodh na seandaoine uilig cruinnighthe sa teach sin agus bhíod siad ag ól agus ag ceól go maidin.
6. Bheireann na comharsannaí pronntasaí de chineal eiginteacht do’n bhean atá ag posadh go h-áirid – airgead agus earraidhe
7. Deirtear gur chóir do’n fear léinidh de fhear eile a chaitheadh an lá sin agus go mbeadh adh mór air. - 1. Nuair atá an lanamhain ag fágháil an toighe an mhaidin sin caiteann bunadh an toighe an maide briste i na diaidh le adh a chur ortha.
2. Fosda dá gcasfaidhe bean le gruaig dheirg úirtí nó bean chostarnocht cuirfeadh siadan mí-adh ortha.
3. Is gnáthach leis an bhean a bhéith gléasta i ngorm nuair a tathair a posadh.
4. Deir na daoine gur cheart do’n bhean ball amháin de na cuid éadaigh a choinnealt a bhí úirthí an lá sin.
5. San t-sean am ní bhíodh gluaisdéan ar bith leis na daoine, ní bhíodh leobhtha ach dhá charr agus dhá chapall ar thoiseach.
6. Deir na daoine go mbéadh níos mó adh ar an lanamháin dá geasfaidhe fear ortha ar tús n’ionad bean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Fhionnlaoich
- Inscne
- Baineann