School: Caiseal (roll number 13055)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: G.P. Pléimeann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal
- XML Page 061
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus bhí an Produstúnach i bhfolach sgairt an sagart air acht ni tháiníc sé, annsin chuaidh an teach ar críth agus tháiníc an Produstúnach anuas ón t-seomra.
Bheir an sagart ar na proístí agus chuir sé isteach ins an teinidh iad, agus b’éigin do’n Produstúnach dul ‘na’ bhaile gan aon fhocal a labhairt. (no title)
“Ar féarach bunadh na Druime tá pluais ag gabhail isteach...”
Ar féarach bunadh na druime tá pluais ag gabhail isteach frid an talamh agus deirtear gur na sagairt a bhí i bhfolach ann i n-aimsir géar leanamainth an chreidimh.
Innistear an sgéal fa fear as an druim a’ cuaidh isteach ins an phluais lá amháin agus chuaidh ag tochailt an talamh le na bhróig agus fuar sé cnaipe agus cnámha caithce thart frid an chréafóig Thóg sé na láimh iad agus ar an bhomaithe lasadh an phluais uilig le sholas.
As go brath leis an fear amach as an phluais agus ar a bhealac ‘un an bháile d’fhosgail an talamh ag a gcosa.- Collector
- Liam Ua Canann
- Gender
- Male