School: Caiseal (roll number 13055)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: G.P. Pléimeann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal
- XML Page 042
- XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
- XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ocras air agus dubhairt an fear dubh go gcaithfeadh an bheirt aca a fhait a ith. D’iarr an fear dubh dhá pota brachán a chur síos, bhí fhíos ag Ned nach mbéadh sé abalta an pota bracháin a ithe.
Fuair sé mála agus cheangail sé thart ar a mhuinéal agus cuir isteach faoi a éadaigh é. Nuair a bhí an brachain réid thoisigh an bheirt aca a ithe. Dith Ned a sháith agus leig sé dó’n cuid eile tuiteamh isteach san mhála. Ní rabh an fear dubh abalta an póta bracháin a chríocnughadh acht dubhairt Ned go gcaithfeadh sé an pota a críocnughadh agus sa deireadh críocnughadh sé é. Ní rabh an fear dubh abalta troid agus thug Ned sgian dó agus d’iarr sé air sathach a thabhairt dó. Nuair a tughadh sathach dó tháinic an brachan amach as an mhála agus dhubhairt Ned go rabh sé níos fearr. D’iarr an fear dubh ar Ned sathach a thabhairt dó, thug Ned sathach dó agus mharbh sé é. - Bhí fear ag teacht “na” bhaile lá amháin casadh bean air agus bhí sí ag iomhchur bascóide. D’iarr sí ar ban fhear cuiduighadh léith an bhascóid a iomhchur agus rinn an fhear sin. Nuair a bhí an fear a fhagháil thug sí sgilling, agus achan uair a gceannuigheadh sé dadaidh ar an sgilling gheibheadh sé i na phoca aríst í. Lá amháin thug sé an sgilling seo do’n sagart agus nuair a rug an sagart ar an sgilling d’imhtigh sé i ndeór uisge i n-a láimh.
- Collector
- Máire Nic Fhionnlaoich
- Gender
- Female
- Address
- Cionn na Coilleadh, Co. Donegal