School: Caiseal (roll number 13055)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: G.P. Pléimeann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dubhairt sé fosta go mbéadh still i na suidhe ar an charnaoiligh agus nac mbéadh garda ar bith le é a éileamh agus bhí sin fíor uair amhain.
Dubhairt sé go dtiocfadh aicíd ar na madaidh roimhe deireadh an t-saoghail agus go mbéadh siad ar mire agus nuair a thiocfadh an namaid nac mbead madadh ar bith le tafaint leobhtha.
Dubhairt sé fosta go mbéadh na fir comh gann ag deireadh an chogaidh agus go n-éireochadh bean amac agus tchifeadh sí fear i bhfadh uaithe agus scairtfeadh sí na mná uile a theacht a amharc air. Annsin bhéaraidh an bhean eile freagar úirthi. "Níl fhíos agam cá áit a dtáinig sé as." - Dubhairt sé go dtiocfadh much dubh anoir agus go gcuirfeadh sé muintir Ghlinne uilig amach ins an Pholl Ghorm ach amháin na daoine a bhéadh in a seasamh ar chloich atá eadar an Bhíofan agus an Bhaile Árd. Nuair a bhéafar ag troid an chogaidh dheireannaigh ar an domhan a thiocfas an mhuc dhubh seo.
- Collector
- Úna Nic Giolla Easbuic
- Gender
- Female