School: Caiseal (roll number 13055)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: G.P. Pléimeann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal
- XML Page 048
- XML (no title)
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Fád ó shoin bhíodh capall ag achan fheirméoir agus d'fhagadh siad...”
(continued from previous page)[-](no title)
“Bhí fear i na chomhnaidhe ar an ghleann seo uair...”
Bhí fear i na chomhnaidhe ins an Ghleann seo uair amháin agus bhí sé an-tugtha de’n airnéal. Ghléas sé a chapall tráthnóna amháin agus chuaidh sé amach go Mín an Chearrbhuidh a d’áirnéal. Nuair a bhí sé ag teacht isteach na leachtuidhe casadh fear air. Chuaidh an bheirt a comhradh le na chéile ach ní thiocfadh le fear an chapaill dhéanamh amach cá leis a rabh sé ag cainnt.
Tharraing an fear tréim ar an Phort agus ar an ghleas beo a bhí ag na daoine ann. D’innis fhear an chapaill do’n fhear eile an uile rud fa dtaobh d’en Phort. Sa deireadh chuir fear an chapaill [fairn ]? ar an fhear eile cor b’é é fhéin agus deir seisean, “[Mir ]? ag ainmniughadh a ainm agus ar seisean”, “Muna gcreideann tú mé sin an lámh ar baineadh barra na gcúig méir dé an oidhche a bhí mé fhéin agus tusa ag déanamh an phoitin. Bhuail fear an chapaill buille de’n larg ar an capall agus thug a aghaidh ar an bhaile.- Collector
- Éamonn Mac Giolla Easbuic
- Gender
- Male
(no title)
“Bhí fear ann fád ó shoin agus bhí sé amuigh...”
Bhí fear ann fád ó shoin agus bhí sé amuigh comhgarach do’n Phort ag déanamh poitín agus bhí an oidhche an - dorca agus ní rabh duine ar bith leis. Chaithead sé an chéad ghloine de’n phoitín ar siubhal do na sidheógaí achan oidhche acht ní dhearn sé é an oidhche seo.
San mheadhon-oidhche tháinig(continues on next page)