School: Caiseal (roll number 13055)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: G.P. Pléimeann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal
- XML Page 005
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
- XML “Seanchas fá Naomh Colmcille”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí Naomh Colmcille i mBiofán chuaidh sé fhad le Baile Árd. Chuaidh sé isteach i dteach amháin.
Chonnaic bean an toighe Colmcille ag teacht agus d'iarr sé ar fhear a toighe gabhail 'na luighe go rachadh Colmcille ar shiubhal.
Chuaidh an fear na luighe agus tháinic Colmcille isteach agus d'fhiafruigh sé cá rabh fear an toighe.
Dubhairt an bhean go rabh sé i na luighe tinn. Annsin dubhairt Colmcille "Má tá sé tinn gheobhaidh sé slán agus muna bhfuil sé tinn gheobhaidh sé bás."
D'imthigh Colmcille agus chuaidh an bhean suas fhad leis an t-seomra agus nuair a chuaidh sí suas bhí an fear marbh.- Collector
- Pádraic Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Address
- An Caiseal, Co. Donegal
- Nuair a bhí Naomh Colmcille thiar ar an Gharb Ros rinne sé turas agus bhí cloch mhór amháin san áit sin. Dubhairt Naomh Colmcille nuair a bhéadh cogadh i n-Eirinn an chead duine a sheasochadh ar an cloich sin béad sé sábháilte.(continues on next page)