Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 038
- XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ins an Ghleann seo uair amháin agus bhíodh sé fhéin agus fear ag goid rudaí ó na toighthe.
Lá amháin tháinig an tóir air agus tháinig sé fad le abhainn agus léim sé trasna na h-abhna. Bhí bean in a seasamh ar an taobh eile de'n abhainn agus dubhairt sí, "Is maith do léim," agus dubhairt an fear, "Ní mór, ach an rása a thug mé aon is fiche míle," agus annsin d'imthigh an fear.
Nuair a bhí sé trí fichid bliadhain chualaidh sé go rabh lutha le bheith thall i Sasain. D'imthigh an fear anonn go Sasain agus bhain sé na rásaí agus ní rabh fear ar bith comh maith leir ag léimnigh.
Bhí fhios ag na Sasannaigh nach rabh sé cosamhail le fear eile.
Rith siad i na dhiaidh agus fuair siad greim air agus mharbh siad é.
Nuair a bhí sé marbh d'fhosgail siad é agus chonnaic siad go rabh eiteogaí ar a chroidhe.Ghlac Pádraig Mac Giolla Easbuic an sgéal seo síos ó na athair Séamus, fear meadhaon aosta as an Chill Fanaid. Feirmeoirí iad nár(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac Giolla Easbuic
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Giolla Easbuic
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal