Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seanchus fá Turas ColmcilleMa abrann duine go siubhalfaidh sé an stáisiún agus gann sin a dheánamh deirtear go dtiocfaidh sé arais indiaidh a mbáis agus go siubhalfaidh sé é.Ba chóir do duine an staisiún a dheanamh go maith agus gan a bheith ag cainnt nó ag gáire, fosta caitfhear a bheith costarnocht siocair go rabh Colmcille é fhéin gan bróga nuair a bhí sé ghá dheánamh.Nuair a gheibh tú fhad leis an tobair ba chóir duit cúpla chloch a chathamh ar charn na gclach agus maithtear an oiread sin peacaidh duit má gnídh tú sin.Ta Tobar Colmcille comhgarach do'n charn seo agus deirtear go bhfuil iasg agus eascon ann. Ma théigheann tú fhad leis an áit seo agus an t-iasg a fheiceal deirtear go mbéidh adh ort a rith na bliadhna ach ma fheiceann tú an eascon deirtear go bhfuighfidh tú bás roimhe bliadhain.Tchí cuid de na daoine Colmcille má siubhalann siad an turas ar dhóig, ach deirtear nach dtig le aonduine é a feiceáil gan a bheith go h-an diagantacht.Tá créafóg comhgarach do leabaidh Cholmcille an-mhaith le rudaí a léigheasughadh mar cuir i gcás rud a béadh doighte, nó gortoighthe.Tá clocha na súile comhgarach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Nic Niallghuis
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Ard, Co. Donegal