School: Loch an Iubhair (roll number 16829)
- Location:
- Loch an Iúir, Co. Donegal
- Teacher: Pádraic Mac Giolla Bhríghde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch an Iubhair
- XML Page 34
- XML “Mac an Iolair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mac An Iolair
Bhí Rí a’s bainríoghain ann aon uair amháin, a’s ní rabh aca ariamh acht a’n inghean amháin, a’s ní rabh innti acht tachrán san am seo Rachadh an t-athair amach achán lá a sheilg roimh éirigh gréine.
Aon mhaidean amháin chuaidh sé amach a’s a guna leis a’s tchí sé iolar mór ag teacht a’s leanbh ‘na bhéal leis. Scaoil sé leis agus thuit an leanbh anuas ag n-a chosaibh, a’s le sin d’imthigh an t-iolar. Chuir sé an leanbh faoi na chóta a’s thug isteach chuig an bhainríoghain é. Bhí luthgháir mhór ortha roimhe nó níor shoillsigh grian ariamh ar a’n leanbh a bhí comh dheas leis.
Thóg siad go curmach é a’s thug siad scoil a’s foghluim árd dó. Nuair a bhí sé ocht mbliadhna dheuga ní rabh fear ar bith a bhí ábalta é a bhuaileadh amach ag aon chineál cleasa a’s ar an adhbhar sin ghlac siad uilig fuadh dó cionnus go rabh sé ábalta iad a bhuaileadh amach(continues on next page)- Collector
- Máire Nich Gríanna
- Gender
- Female
- Address
- Loch an Iúir, Co. Donegal
- Informant
- Peadar Mac Gríanna
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Loch an Iúir, Co. Donegal