School: Doire Beag (roll number 14503)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Teacher: Sibéal Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag
- XML Page 213
- XML (no title)
- XML “Urnaí i nDiaidh Luí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Geal Pheadair, geal Pheadair . . .”
Geal Peadair, geal Pheadair, cár chodlaidh tú aréir?
Chodlaidh mé ar neamh mar ar chodlaidh mac dé.
Ca gcodlochta tú anocht?
Fa chara chríosta.
Caidé sin romhat?
Tá, na h-aingle.
Caidé sin 'do dhiaidh?
Tá, na h-Easpail.
Caidé sin ar do láimh dheis?
Uisce coisriochta.
Coimirce a chur muire liom le mo dhéanamh eolais go teach pháiris.
Adhruighim an dabhach sin thall bhfuil an choinneal lasta ann a lár Muire agus a mac ann. Bríghid agus a brat ann. Micheál agus a sciath ann, Dhá láimh dé da m'anam.- Luighim ar mo láimh dheis.
Codhlaim ar mo láimh chlí.
Luighim le Dia agus luighfidh Dia liom.
Luighim leis an mhaighdean Mhuire agus luighfidh an Mhaighdean Mhuire liom.
Dúiltim ro'n an-spiorad agus glacaim leis an Spiorad Naomh.(continues on next page)- Collector
- Peigí Ní Ghiolla Bhríghde
- Gender
- Female
- Address
- Ard na gCeapairí, Co. Donegal
- Informant
- Mhairghead Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 82
- Address
- Machaire Chlochair, Co. Donegal