School: Doire Beag (roll number 14503)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Teacher: Sibéal Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag
- XML Page 343
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tháinig Fianna eile go hÉireann . . .”
Tháinic Fianna eile go h-Éirinn fa choinne Fianna Éireann a throid. D’imthigh Fianna Éireann a sheilg. Dubhairt Fionn go rachadh sé fhéin sa chliabhán, agus go ndéanfadh sé an leanbh. Cuireadh Goll amach ag buachailleacht an eallaigh. Nuair a tháinic na Fianna eile, bhí bean-an-toighe ‘na suidhe ag bogadh an chliabháin, agus clocha leis an teinidh, ag deanamh gur arán a bhí aice. Tháinic na Fianna eile isteach, agus bhí siad i bhfád ní ba mhó ná Fianna Éireann. Chuir siad ceist ar an mhnaoi cá rabh na fir. Dubhairt sise go rabh siad amuigh ag seilg. Chuir duine aca ceist goidé a dhéanfadh siad, nuair a bhíodh an ghaoth ins an dorus. Dubhairt sise dá mbéadh na fir ‘san bhaile go dtionntochadh siad go dtí’n taobh eile an teach. Dubhairt fear aca go n-amharcochadh siad an raibh cárr maith ag an leanbh, agus chuir sé a mhéar isteach ‘na bhéal go bhfeicfeadh sé. Bhain Fionn bárr na méire do. Dubhairt fear aca go rabh an t-am aca an baie a bhaint amach, nó gur mhait mar bhéadh na fir, nuair a bhí an leanbh ábalta bárr na méire a bhaint do - san. Chuir duine eile aca ceist ar an mhnaoi caidé a bhí leis an teinidh aice, agus dubhairt si gur arán. Bheir sé air, agus d’fhéach sé le é a bhriseadh acht theip air. Dubhairt sé go raibh sé ní ba chosamhla le clocha.(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Derrybeg, Co. Donegal
- Informant
- Nábla bean Uí Gallchobhair
- Gender
- Female