School: Doire Beag (roll number 14503)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Teacher: Sibéal Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag
- XML Page 301
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Lá amháin . . .”
lá amháin, bhí Ar Slánuightheoir agus an Mhaighdean Muire ag dul thart. Chuaidh siad isteach i dteach agus d’iarr siad giota aráin. Dubhairt an bhean nach raibh arán ar bith aice. Chuaidh siad isteach i dteach eile agus d’iarr siad giota aráin. Dubhairt an bhean go raibh an t-arán ar an teine agus nach dtiochfadh léithe é a bhriseadh go mbéadh sé bruithte. Chuaidh siad isteach i dteach eile agus d’iarr siad giota. Dubhairt an bhean nach raibh a dhach aice acht pota na bpreataí a bhí ar an teine, agus d’iarr sí ortha fannacht go bhfuighfeadh siad cuid aca. D’fan siad. Dubhairt an bhean go raibh droch theine aca. Ní raibh an focal ráidhte aice gur dhearg an teine. Nuair a chuirthear síos pata preataí deargochaidh an teine suas agus nuair a chuirthear síos pota aráin, gheobhaidh an teine bás faoi. Sé an tuighe a bhfaighann sí bás, cionnus nach dtarbharfadh na mná a bhí sa(continues on next page)- Collector
- Meadhbh Ní Cholla
- Gender
- Female
- Address
- Derrybeg, Co. Donegal
- Informant
- Tomás Ó Colla
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Address
- Derrybeg, Co. Donegal