School: Doire Beag (roll number 14503)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Teacher: Sibéal Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag
- XML Page 327
- XML “Ridirí na Craoibhe Ruaidhe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ridirí Na Craoibhe Ruaidhe.Nuair a bhí Cú Chulainn thall i n-Albain ag an Scathaigh Mhór bhí gabha san áit fosta. Bhí claidheamh ag Cú Chulainn agus thug sé chuig an gabhainn é le cóireadh. Nuair a bhí sé ag an ghabhainn thoisigh sé a innse sgéil do fa dtaobh de fathach a tháinig anall as Sasain a chuir troid ar Chonall Cearnach. Ní raibh sé fhéin acht na ghasúr beag agus ní raibh sé acht ag dul go dtí na h-iosgaidí ar an fhathach. Thóg an fathach é agus chaith sé isteach i gCliabh é acht thug sé léim amach.
Nuair a fuair sé amach thoisigh sé ag dul de’n fhathach sna h-iosgaidí arís. Thóg an fathach é agus chuir se síos ann a phóta é acht fhuair sé amach. Nuair a fuair sé amach bhí sé ag dul de’n fhathach arís. Rug an fathach air agus chuir sé isteach faoi na chrios é. Bhí sé annsin agus an t-anam bruighte as. Bhí sé ag bogadaigh leis go dtí gur thuitm sé. Bhí an troid ag dul ar aghaidh agus Cú Chulainn ag(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chorráin
- Gender
- Female
- Address
- Machaire Gathlán, Co. Donegal
- Informant
- Eoin Ó Corráin
- Gender
- Male
- Address
- Machaire Gathlán, Co. Donegal