School: Doire Beag (roll number 14503)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Teacher: Sibéal Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag
- XML Page 314
- XML “Tá Mé i Mo Shuí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá Mé ‘Mo Shuidhe.
I
Tá mé ‘mo shuidhe ó d’éirigh an ghealach aréir.
Ag cur teineadh siós go buan ‘sdá feadadh go gear,
Tá bunadh an toighe ‘na luighe ‘stá mise liom fhéin,
Tá na coiligh ag glaodhach ‘sta’n saoghal na gcodhladh ach [?]
II
Casadh bean sidhe damh thíos fa lios Bhéal An Átha,
D’fiafruigh mé dí an sgaoilfeadh glais ar bith gradh,
Labhair sí os íseal i gcomhradh soineannta shámh
Nuair a teidhean sé san chroidhe ní sgaoiltear as é go [br]?
III
Ó siubhal leat go tigh ‘n-óil go n-ólfaimid buideál de’n [dr]?
‘S a bhfuil de mná óga gan pósadh bíghidh uilig liom,
Níl an eaglais d’ar gcomhair níl acht glórtha [muste]? ann mo [?]
Agus tógfar teach mór gan moill ar an mhallaidh úd thall
IV
Óró ach go bé an t-ól bhéadh cóta maith ar mo dhruim,
Stocaí is bróga agus cró maith seasgair dom chloinn,
Siad na mná óga do threóraigh an t-olc ar mo cheann,
‘Smuna mbhainfinn-se doibh, is doiche nach mbainfeadh siad [li]?
V
A sheacht m’anam déag do bhéal, do mhailidh, ‘s do ghruaig,
Do shúil ghorm glé fár thréig mé aitheas ‘s suairc,
Le cumhaidh do dhiaidh ní léar damh an béal a shiubhal,
‘Sa cara mo chléibh tá na sléibhte idir mé agus tú.
VII(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chorráin
- Gender
- Female
- Address
- Machaire Gathlán, Co. Donegal
- Informant
- Sheamus Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Address
- An Seascann Beag, Co. Donegal