School: Doire Beag (roll number 14503)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Teacher: Sibéal Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag
- XML Page 305
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Oíche amháin . . .”
(continued from previous page)[-](no title)
“Níl oiread lucht súil . . .”
Níl oiread lucht siubhal ag gabhail thart fríd na toighthibh anois a’s bhí fad ó shoin. Bhí fear ag gabhail thart darb’ ainm Mícheal Chordáin agus ba ghnáthach leis fanacht i dtoighthe ar feadh seachtmhaine. Rachadh sé go toighthe eile, agus ní fhanochadh sé annsin acht cupla lá. Bhéadh na daoine tuirseach leis. Oidhche amháin chuaidh sé go dtí teach, agus chuaidh sé isteach. Ní raibh áit ar bith ag an mhnaoi le é a chongbhail. Bhí sciobal aicí. Chuir sí ceist air an luighfeadh sé ‘san sciobal. Dubhairt sé go luighfeadh sé ann da mbéadh sé chomh glan leis an teach. Thaisbean sí do an sciobal. Bhí rud beag cocháin fhluich i lár an urlár, agus dubhairt sé nach rachadh sé isteach ann. D’imthigh sé agus sgairt sé léithe, “A Mháire an sciobail shalaigh, chuir tú mise chun bhealaigh”.
Dheánfadh sé ramhais fa dtaobh de dhuine ar bith nach gconghbhothadh é.
Bhí bean as Machire - An - Chlochair darb’ ainm Máire Aodha, agus ní chonghbhochadh sí é. Dubhairt sé léithe, “Máire Aodha an droch - chroidhe.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 1397225
- Informant
- Séamus Mac Giolla Bhríghde