School: Doire Beag (roll number 14503)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Teacher: Sibéal Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag
- XML Page 332
- XML “Oisín i dTír na nÓg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oisín i dTír Na n-Óg.Bhí Oisín trí chéad bliadhain i dtír na n-óg, nuair a bhuail cumha é. Ba mhaith leis a mhuinntear a fheicheal in Eirinn. Bhí an bhean ag iarraidh air baint faoi. D’innis sí do chomh luath is leagfadh sé a chos ar thalamh na h-Éireann go n-éireochadh sé ‘na shean dhuine críonn liath. Ní raibh maith dí bheith leis. Thug sí each bán do, agus dubhairt sí leis gan theacht anuas de, nó dá dtiocadh, nach bhfheicfeadh sé go deo í.
Chuaidh sé a mharcaidheacht ar an each, agus chuaidh trasna na fairrge. Nuair a tháinig sé i dtír in Éirinn, dímthigh sé fhéin ‘san each leo i chois na trágha. Chonnaic sé buachaill, agus mála coirce leis ar dhruim capaill ag dul ‘na mhuilinn fa choinne mine fhághail déanta. Cé bhí ann acht buachaill Naomh Pádraig. Thuit an mála ar an talamh, agus ní raibh an buachaill ábalta é chur suas arais. D’iarr Oisín air ar breith ar srian an chapaill. Bheir seisean greim scuig ar an mhála, agus thóg sé i n-áir ‘san spéir é. Scannruigh an buachaill, no bhí eagla air go mbrisfeadh sé druim an chapaill, dá leigeadh sé anuas an mála air go h-anacaire. I ngan fhios do fhéin tharraing Oisín a chos amach as an srian, agus bhí sé ar an talamh í. D’éirigh sé ‘na ‘sean dhuine críonn liath agus d’éirigh sé dall. “Anois” ar seisean(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 1397225
- Informant
- Mháirghead Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 82
- Address
- Machaire Chlochair, Co. Donegal