School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 009
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An tráthnóna tháinig na tinnceirí thart agus asal eile leo agus cheannaigh sé í ar dhá phúnta agus nuair a tháinig sé na bhaile bhí lúchair ar a bhean nuair a chonnaic sí an t-asal beag a bhí leis. Nuair a leig sé í amach ar maidin chuaigh sí go dtí an chruach agus thóisigh ag ithe an fhéir. Chuaidh an fear amach aríst agus bhí an t-asal ag an chruach. bhí fhíos aige annsin go deárn na tinncéirí cleas air. B'í an t-asal céadhna a bhí leis aríst.
Séan Mac Reannacháin
Baile Láir 13-12-1937 - Bhí fear 'na chomhnuidhe thíar i dTóin Báin darbh ain, Micí Pháidí. Bhí na preataí an olc ag na daoine i mbliadhain na scridín. Bá mháith le Micí rádh go rabh a chuid fhéin fíor mhaith. Dubhairt se gur chaill se muc agus gur chuartuigh se í acht nach dtiocfadh leis í a fhágháil. Lá amháin nuair a bhí sé ag gabhail trasna pháirc na bpreataí chuaidh a chos síos i bpoll. Bhí an poll deánta astoigh ins an phreata ag an mhuic agus dhá phigín déag astoigh ins an pholl.(continues on next page)