School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 092
- XML “Laethanta Áirithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Obair ar bith a chuirtear tús air Dia Sathairn bíonn sé fádalach a chríochnughadh. Nuair a thoisigheann duine ag treabhadh Dia Sathairn bíonn sé tamall maith go mbéidh sé críochnuighte.
Níor choir do duine ar bith an t-eallach a leigint amach ar laethe na Riabhóige. Bíonn na laethe seo an fhuar agus dá leigfidhe amach an t-eallach bhainfidhe an craiceann daobhtha. Is é seo an tuige a tugadh laethe na Bó Riabhaighe ar na laethe seo. Nuair a chuaidh an Mharta amach chuir an Bhó Riabhach amach a teanga air. Annsin fuair an Mhárta trí laethe ar iasacht ó’n Aibrean leis an craiceann a bhaint duithe. Is iad na cead trí lá d’Aibrean laethe na Bó Riabhaighe.
Tá sé crosta ar dhuine ar bith obair a dheánadh roimh an do dhéag ó chlog ar Aoine an Chéasta. Déirtí ma chuireann duine ar bith síl nó bárr ar bith eile ar an lá seo go dtiocfaidh sé ar aghaidh go maith.
Tá sé Crosta im, no uibheacha no bainne a ghlacadh ar Aoine an Cheasta, no ar Cheadaoin na luaithe no ar Ceadaoin Bhraith.
Ainmhidhe nó duine ar bith a thiocfadh ’un t-saogail ar Dhomhnach Cingcise deirtear go marbhóchaidhe iad no go marbhóchaidh siad. Duine ar bith a dheánfadh ath-chodladh(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Cheallachain
- Gender
- Female
- Address
- Baile Láir, Co. Donegal