School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)luaidhtear ainm an Naomh seo le tobar Duimhche Móire. Níl aon phaidir ag na daoine a bhaineann le naomh De Bheadóg. Ní bhaistear aon leanbh d'ainm an Naomh san áit. Níl fhíos ag na daoine cá dé'n lá a dtuiteann Féile na Naoimh air.
- Is é Naomh De Bheadóg naomh patrún an cheanntair seo. Níor chuala mé go rabh mainistir no teampall ar bith aige acht tugadh séipéal Naomh De Bheadóg ar an t-séipéal atá i Ros-na-Cille. Séipéal Gallda atá ann anois acht ba séipéal Caitliceach a bhí ann ar dtús acht tugadh do na Prodasdunaigh é. Deirtear go bhfuil cloch i gcolumhan an gheafta agus gur dealbh chinn an Naoimh atá ann. Níl muid ró-chinnte fa seo.Níor chuala mé fá miorbhuiltí ar bith a rinne an Naomh. Síleann na daoine gur cuireadh an naomh ins an roilig atá i n-aice an t-séipeáil atá i Ros-na-Cille. Tugadh Cluain De Bheadóg mar ainm ar an Pharóiste seo in a dhiaidh. Tá tobar beannuighte ins an Dumhaigh Mhóir agus is tobar Naomh De Bheadóg an t-ainm atá. Níor chuala mé paidir ar bith ag na sean daoine a bhaineas leis an naomh(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Cheallachain
- Gender
- Female
- Address
- Baile Láir, Co. Donegal