Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 160
- XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”
- XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)luaidhtear ainm an Naomh seo le tobar Duimhche Móire. Níl aon phaidir ag na daoine a bhaineann le naomh De Bheadóg. Ní bhaistear aon leanbh d'ainm an Naomh san áit. Níl fhíos ag na daoine cá dé'n lá a dtuiteann Féile na Naoimh air.
- Is é Naomh De Bheadóg naomh patrún an cheanntair seo. Níor chuala mé go rabh mainistir no teampall ar bith aige acht tugadh séipéal Naomh De Bheadóg ar an t-séipéal atá i Ros-na-Cille. Séipéal Gallda atá ann anois acht ba séipéal Caitliceach a bhí ann ar dtús acht tugadh do na Prodasdunaigh é. Deirtear go bhfuil cloch i gcolumhan an gheafta agus gur dealbh chinn an Naoimh atá ann. Níl muid ró-chinnte fa seo.Níor chuala mé fá miorbhuiltí ar bith a rinne an Naomh. Síleann na daoine gur cuireadh an naomh ins an roilig atá i n-aice an t-séipeáil atá i Ros-na-Cille. Tugadh Cluain De Bheadóg mar ainm ar an Pharóiste seo in a dhiaidh. Tá tobar beannuighte ins an Dumhaigh Mhóir agus is tobar Naomh De Bheadóg an t-ainm atá. Níor chuala mé paidir ar bith ag na sean daoine a bhaineas leis an naomh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Cheallachain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall