School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Port Omna
- XML Page 0257
- XML “Réamonn De Búrca”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Riocaird in dheire na déithe agus b'éigin do Risteárd, a mhac, na fir troda a chruinniú le Reámonn ionnsuighe. I dteannta chéile ghluais siad soir ó dheas acht ní leigfeadh an faithchíos dóibh Reámonn a ionnsuighe. Ní dearnadar acht suidhe fútha in-a bfháinne thart ar champa Reámuinn.
Séard a chuir Barclay roimhe an campa a ghabháil air gan Sasanach a chur i gconntabhairt a anma. Dá bhrigh sin chuir sé in-úil do lucht an campa nach raibh in dán dóibh acht géilleadh nó bás le h-ocras, acht d'éirigh le Reámonn a chuid fear a thabhairt slán as an nguais in-a rabhadar sul dár airigh siad anshógh an ocrais.
Nuair a deántar trácht ar Reámonn De Búrca sa seanchus arís tá se i gcuideachta Aodha Ruaidh agus iad ag déanamh ar Chionn t-Sáile áit ar throid sé go calma i measg na nGaedhéal ar son na(continues on next page)