School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aon uair amháin bhí an sgoláire bocht ag siubhal thart agus casadh isteach i dteach a raibh páiste óg ann é. Fuair an sgoláire bocht caidéis do'n pháiste agus dubhairt go mbadh mhór an truagh nach raibh sé féin ag an teach nuair a rugadh é. Níor innis sé níos mó. Bhí máthair an pháiste in imshnidhe go bhfuigheadh sí amach cé an chontabhairt a bhí le h-aghaidh an pháiste. Ach nuair a chonnaic an sgoláire bocht chomh h-imshnidhteach agus bhí sí sgríobh sé leitir agus dubhairt le mathair an pháiste an leitir a thabhairt dó (.1. do'n mac) dhá rachadh sé ag saothrú a pháighe. Nuair a bhí an páiste bliadhain is fiche dubhairt sé go raibh sé ag dul a' saothrú a bheatha. Níor labhair an mháthair tada ach shiubhal go dtí an chómhra agus an leitir a thabhairt dó. Agus dubhairt leis ar chraiceann a chluaise gan an leitir fhosgailt ná í a chailleadh mar go mb'féidir go dteastóch a congnamh uaidh lá eicínt. Dubhairt an mac go gcoinneóch sé a gheall.'Sén ait a ndeacha an mac ag obair ná ag rí a bhí san Aifric Theas. De réir mar bhí an buachaill ag cur na h-aimsire thart ag an rí bhí an-mheas ag teacht ag an rí air. Agus nuair a bhí bliadhain is fiche tugtha 'na sheirbhís aige thug an rí cead dó teacht abhaile ar cuairt tamaillín.An oidhche sul má d'imthigh sé chuir an rí féasta(continues on next page)
- Informant
- Padhraic Mhac Thuaithealáin
- Gender
- Male
- Age
- 26
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway