School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aon uair amháin bhí Rí i n-Albain agus thagadh go leór daoiní uaisle ar cuairt chuige agus ba buachaill a bhíodh mar chócaire aige agus nuair a bhíodh an dinnéar réidhtighthe i gcomhnaidhe thagadh giorrfhiadh treasna ar an mbord agus chuireadh sé chuile shórt trí na céile. Bhíodh an-fhearg ar an Rí mar gheall air. Lá amháin dubhairt sé leis an ngiolla é a leannacht leis an Each Bháin agus pé ar bith áit a mbeadh sé sias leis é a thabhairt chuige agus go mbeadh an-bhuidheach dhó. D'imthigh leis an ngiolla agus stad ná comhnaidhe ní dhearna sé nó gur shroich sé geata san domhan thiar. Agus nuair bhí an giorrfiadh ag dul treasna tríd an ngeata ní dhearna sé ach breith ar a dhá chois deiridh agus a cloigeann a bhualadh faoi'n mballa agus é a thabhairt ar ais go dtí Rí alabann.
Thárla go bhfaca sé bean bhreagh áluinn san Domhan Thiar agus ins an am céadhna chonnaic sé éan ag imtheacht ins an aer agus solas i n-a ghob aige.
Fuair sé caidéis den t-solas a bhí i ngab an éin. Ach dubhairt an Each Bhán leis ribe a bhainte as muing agus a chur timcheall faoi na h-ucht. Rinne sé(continues on next page)- Informant
- Pádhraic Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Age
- 25
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway