Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. Galway
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0210
- XML “Caithfidh an Dul Amú a Chuid Féin a Fháil”
- XML “Tulaigh na Sióg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)h-iarradh deireannach go leor. Nuair bhí sé ag tarraingt ar an gcnoc chuala sé páiste ag gol istigh san gcnoc agus an mháthair ag rádh leis an bpáiste gan a bheith ag gol, go mbeadh fuighleach bainne acu ar maidin mar go mbéarfadh an bhó. Nuair a chuala an fear é sin dubhairt "bíodh sí agaibh". Chuaidh sé abhaile agus ar maidin nuair a d'eirigh sé bhí an bhó ag an doras aige agus an laogh léi. Tháinic an bhó abhaile slán aige faoi go raibh sé chomh grádh-diadhamhail agus go bhfágfadh sé aca í agus nach leigfeadh sé sgread bhainne ortha.
- Bhí fear sa Teach Mór. Bhí budóg i gClochar na gCon aige. Bhí fhios aige go raibh sí i ngar do laogh. Tar éis an Aifrinn Dé Domhnaigh chuaidh sé ar a tóir. Chuartuigh sé Clochar na gCon ar feadh an lae. Le caoin an tráthnóna fuair sé í taobh thiar dtuaidh de Thulaigh na Sidheóg. Thug sé leis í agus cosúlacht mhór laoigh uirthi. Nuair a bhí sé ag dul síos chuala sé an páiste ag caoineadh agus ag sgreadach agus bhí bean ag iarraidh é bhréagadh. Ins an mbréagadh dubhairt sí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eoghan Ó Neachtain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 11
- Seoladh
- An Cnoc, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Máirtín Eóinín Ó Neachtain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Cnoc, Co. Galway