School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0428
- XML “Hop is Bí Thall”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear fadó ann agus bhí mac aige. Chuile mhaidin le h-eirighe na gréine d'éirigheadh an t-athair go moch agus d'fhiafruigheadh an mac dhó cá raibh sé ag dul. Deireadh an t-athair go mbíodh sé ag dul i n-éanacht le na daoine maithe. Aon mhaidin amháin dubhairt an mac leis an athair:- "Meastú an bhféadfa mé a theacht i n-éinfeacht leat indiu?" "Cinnte féadfa," adubhairt an t-athair, "ach ar t-anam ná labhair nuair a thiocfas muid chomh fada leó." D'imthigh leo agus ba ghearr go bhfaca siad ag teacht iad. Mo chomhairle dhuit anois arís" arsa an t-athair, "ná labhair nó má labhrainn tú is ort fhéin a bhéas an locht."
Bhí na daoine maithe ag teacht 'na sluaighthe agus bulán ag gach duine acu. Bhí an mac ag déanamh an-ionghantas díobh, ach má bhí fhéin níor labhair sé, mar chuimhnigh sé ar chomhrádh an athar. Tugadh bulán do'n athair agus tugadh ceann eile do'n mhac. D'éirigh an t-athair de léim agus chuaidh sé ar marcuigheacht ar an mbulán. Rinne an mac an cleas céadna agus sguab leó. Bhí na daoine maithe 'un tosuigh, an t-athair na ndiaidh agus an mac un deireadh. Bhíodar píosa maith ag imtheacht, agus chas claise mór dóibh. Bhí an claise seo an-leathan agus an-domhainn. Chaith gach bulán í agus nuair a tháinig a bhulán fhéin(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Flaitheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway