School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0432
- XML “Hop is Bí Thall”
- XML “Cos faoi Chrios, Plug an Chaincín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)é, is fearr comhairle le ceannacht ná dhá chomhairle i n-aisge."
- Bhí fear fadó ann agus bhíodh sé ag fiadhach gach lá. Cuaidh sé amach ag fiadhach an lá seo agus mharbhuigh sé préachán. Bhí go leor sneachta ar an talamh agus thuit cuid de'n fhuil ar an sneachta. Bhí dath dearg ar an sneachta. Bhí dath dearg ar an bhfuil, agus dath bán ar an sneachta, agus dath dubh ar an bpréachán. Dubhairt sé leis féin annsin nach bpósfadh sé aon bhean go deó, acht an bhean a mbeadh na trí datha sin uirthi.
D'imthigh leis abhaile. Is ghearr gur chuala sé an guth agus [agus?] dubhairt go raibh bean mar sin san domhan thoir. D'imthigh leis, bhí sé ag siubhal leis, is geárr gur chas fear dhó agus é ag cur muillean gaoithe ar bun le na leath-pholláire agus bhí ócum san bpolláire eile. D'fhiafruigh sé do'n fear seo cé'n fát nach raibh an dá pholláire ag séideadh dubhairt sé dá mbeadh an dá pholláire ag seideadh go bhfuadóchadh sé an muillean ar fad. D'fhiafruigh sé de cé'n pháighe a bhí sé ag fágháil. Dubhairt sé leis gur cheithre phunt é. "Má thagann tú infhéacht(continues on next page)- Collector
- Tomás Ó Gríobhtha
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Informant
- Máirtín Ó Máille
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Cor na Rón, Co. Galway