School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an t-sean-aimsir bhí gabha ann agus bhí sé ag déanamh go leór oibre agus bhí sé ag déanamh go leor airgid freisin agus níl aon phighinn dhá saothruigheadh sé nach dtugadh sé ag a bhean é agus de réir mar d'fhághadh an bhean an tairgead chaitheadh sí go fánach é agus bhíodh croidhe an fhir bhocht briste agus nuair a thagadh na buachaillí isteach sa gceardchain go dtí é bheireadh duine aca ar an ord ag tabhairt congnamh dhó mar dhóigh dhe agus ag milleadh an iarainn a bhíodh sé agus nuair a thaghadh sé abhaile tráthnóna bhíodh duine i na shuidhe i n-a chathoir. Ní fhágadh sé é nuair a d'iarradh sé air é. Ní raibh an saoghal ag tuitim isteach go h-an mhaith dhó chor ar bith. Aon lá amháin agus é ag obair sa gceardchain tháinig an diabhal go dtí é agus d'fhiafruigh sé dhe cé an chaoi a raibh sé ag déanamh. Dubhairt Páidín go raibh sé ag déanamh go maith leis an obair ach amháin go raibh na buachailí a bhíodh ag teacht go dtí é ag mhilleadh an iarann air. Nuair a bheireadh siad ar an ord agus nuair a thugaim an méid airgid a shaothruighim do mo bhean caitheann sí go fánach é agus nuair a thagaim abhaile tráthnóna bíonn duine i n-a shuidhe i mo chathaoir agus ní fhágann sé dom é.
"Bhuail anois, adeir an diabhal, má gheallann tú dhom go dtiocfaidh tú liom faoi cheann seacht mbliadhna tiubhraidh mé dhuit trí impidhe ar bith(continues on next page)- Informant
- Pádhraic Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Age
- 26
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway