School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0224
- XML “Na Trí Comhairleacha”
- XML “Seán Nuala agus an Giorria”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)shuidhe i n-aice léi. Rug sé ar ghunna leis an bhfear a chaitheadh mar shíl sé gur phós a bhean arís nuair a bhí sé imthighthe. Chuimhnigh sé ar an gcomhairle deiridh. Chaith sé na trí (ghaib) ghail tobac agus nuair a bhí siad caithte, chomh maith leis an fhearg a bheith imthighthe bhí an doras osgailte ag an fear agus a bhean ag fáiltiúghadh roimhe. Budh é an fear a mhac fhéin, acht mhéadaigh sé chomh mór ó d'imthigh sé is ná'r aithin sé é.
- Bhí fear san áit seo fadó ar a dtugaidís Seán Nuala. Bhí an-ghrádh aige dá bheith [] ag fiadhach agus níl lá ar bith nach gcaitheadh sé tamall leis an obair sin. Tráthnóna amháin deisigheann sé amach a chú 's a chapall agus amach leis faoi na sléibhte ag fiadhach. Ba ghearr a bhí sé gur dhúisigh sé giorrfhiadh. Ba é an giorrfhiadh ba bhreaghtha é dá bhfaca sé ariamh. Sgaoil sé an chú 'na diaidh. Bhí an giorrfhiaidh ag corradh an chú agus an chú ag corradh an ghiorrfhiaidh. Chaitheadar an tráthnóna agus ní raibh aon mhairig ar an ngiorrfhiaidh. Thug an fear an capall agus an chú abhaile. Ní bhfuair Seán néal ar feadh na h-oidhche ach ag cuimhniughadh ar an ngiorrfhiaidh.
Go moch ar maidin láir na bhárach bhí an fear faoí réir agus thug sé na sléibhte amach air féin arís. D'éirigh an giorrfhiaidh san áit chéadna. Lean an chú é agus bhí sé 'na fhéachaint eatorra. Théaltaigh an ghrian siar 'sna spéartha. D'éaluigh an [ga] lá thart. Bhí an chú 's an fear tugtha turseach, ach bhí an giorrfhiaidh chomh sgafánta is bhí sé ar maidin. B'éigean dá dhá namhaid tabhairt suas. Dubhairt Seán go raibh deire a chuid fiadhach déanta agus nach bhfeicfeadh sé cú ná aon deis(continues on next page)- Collector
- Colm Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway