Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. Galway
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0461
- XML “Bádóirín Thír an Fhia”
- XML “Speireadh na mBó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nach deas an rud do bhean ar bith,
Dar liom-sa féin a cliú,
A chonneochadh mar is gceart di í
I dtaisce faoin na cúm (com)!
Tá gruaig mo chinn ag tuitim dhíom
Is ag imtheacht le teann cumha
Ach is dóigh liom a stór nach mairfidh mé -
Leis an mbriseadh croidhe atá romham (rúm)
(a chríoch san).Speireadh an mBó
Diarmuid Ó Donnchadha a thug dom (Meitheamh 1930). Chuala seisean ón' athair agus ó na shean-mháthair é. Tá faisnéis cuid mhaith le fagháil faoi'n "Speireadh" ó mhuintir an Locháin Bhig - Éamonn Ó Finneadha, Seán Mór, Pádhraic 'ac Thuathaláin, Pádhraic Ó Finneadha. &rl.
I gConnamara 'seadh tharraing mé mo long i dtír
Is 'gabháil aniar leis a' gcladach 'seadh bhreathnaigh mé fúm go grinn
Ar Chnoc na Cathrach bhí ar dtarraingt i dtús na h-oidhche
I mbarr an Ghleanna féach gur fada níor mhaolaigh mo sgian.
II
Nach brúighte bhí'n Brúnach 's é tarraingt ó'n Mám
É ag siubhal ar a dhúthaigh agus eallach ar lár
An cúpla fear múinte a'inn tá ag obair go sámh
Go dtéighe [uis] as a súilibh ní stopfar a lámh.
III
A Mharcuis tá brón ort 's ba mhór é do chail! - I gConnamara 'seadh tharraing mé mo long i dtír
Is 'gabháil aniar leis a' gcladach 'seadh bhreathnuigh mé fúm go grinn
Ar Chnoc na Cathrach bhí ar dtarraingt i dtús na h-oidhche
I nbarr an Ghleanna féach gur fada níor mhaolaigh mo sgian. II
Nach brúighte bhí 'n Brúnach 's é tarraingt ó'n Mám
É ag siubhal ar a dhúthaigh agus eallach ar lár
An cúpla fear múinte a'inn tá ag obair go sámh
Go dtéighe uir ar a súilibh ní stopfar a lámh. III
A Mharcuis tá brón ort 's ba mhór é do chail!(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tadhg Ó Séagdha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 18
- Seoladh
- Galway, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Na Forbacha, Co. Galway