School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0230
- XML “An Fear Antlásach”
- XML “Sióga ag Baint Coirce”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an mbeadh díol na bliadhna agam." Thug sé leis an poitín agus chomhairigh sé trí phoitín lé gach lá. Nuair a bhí a ndeireadh comharta bhí dóithin na bliadhna g'fhataí* aige acht aon phota amháin. Dubhairt sé leis hi
féin go gcuirfeadh sé an trioblóid dhó. Níor chuir sé pota ar bith síos an oidhce sin. Chuaidh sé a chodladh i na throsgadh. Ba é deireadh an sgéil é go raibh sé cáillte ar maidin.*"gataí." - Bhí fear ag baint choirce lá fadó agus d'fhan sé go maidin sa ngarrdha. Bhí sé ag baint leis nó go dtáinig plód daoine anoir an bóthar. Isteach leó sa ngarrdha. Thosaigh siad ag baint. Nuair a bhí an coirce bainte aca, tosuigh siad dhá bhualadh. Nuair a bhí sé buailte thosuigh siad ghá cháthadh. Nuair a bhí sé cáithte chuireadar i málaí é. D'imthigh na daoine in a mbealach agus chuaidh an fear abhaile. Nuair a d'éirigh sé ar maidin bhí an coirce mar bhí sé cheana ach an méid a bhí bainte aige féin!
- Collector
- Máirtín Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway