Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An gaoth anoir a tugann an sneachta agus an sioc agus an leic-oidhre cugainn.
Cosamlacht báistigh isteadh torran mór a beith ag an bfairrge
Ma bhíonn na cnuic ag breathnughadh gar cosamhlacth é sin go bhfuil aimsir bhreágh air.
D'feicfeadh duine Cnuic Ciarraighe lá breágh greine agus deirtear gur aimsir bhreág a bhíonns air.
Nuair a bhíonns nealltracha móra ag dul thart sa spéir sin cosamlacht baistighe.
Nuair a bhíonns dath dearg ar an ngrian ag dul faói sin cosamhlacht aimsear bhreág
Bhíonn ra-sam ar na sleibhte nuair a bhíonns aimsir bréagh air.
Nuair a bhíonn an aimsear an meirbh tá toirneach ann
Bhíonn torran mór ag na srutáin nuair a bhíonn báisteach
Bhíonn dath dearg ar an Teach Solais le linn aimsear bhréag a theacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)