Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 126
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Aifreann ag an ám céadhna, agus nuair a bheadh an t-Aifreann léighte aca, ná a dhul amach ag siubhal agus an áit a chasadh siad ar a chéile beadh taobh de'n oileán ag duine aca, agus an taobh eile ag an duine eile. Séard a rinne Colum Cille ná tosuigh ar an Aifreann níos túisge ná an naomh eile, agus nuair a bhí a bhí an t-Aifreann léighthe aige dimthigh sé leis ag marcuigheacht ar capall. Nuair a sroich sé lár an oileán seas an capall, agus ní abhfadh sé níos fuide. D'fan sé annsin nó go dtáinic an naomh chomh fada leis. Dinnis sé dó céard a rinne sé agus dubhairt Naomh Enda leis glanadh amach as an oileán ar fad in áit nach gcluineach sé clog teach an phobal ag buladh ná glaodh coiligh a chloisteál Dimthigh sé leis annsin agus ba ghearr go dtáinic sé i dtír. Táinic sé i dtír in aicí lé teach Dfhan sé san mbád ar feadh cúpla lá, do bhí fear óg san teach, agus chuala sé faoi an píonos a chuir Naomh Enda ar Cholum Cille agus chuaidh sé amach ar an t-sráid, agus tosuigh sé ag aithris ar coilic. Chonnaic naomh Colum Cille é agus dubhairt sé rud eicínt leis agus thuit an cloigean de agus níor fhás tada san áit ó shoin rinne sé tobar ann agus tugann go leór daoine turas air ó shoin.
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Cheanndhubháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. Galway