School: An Bán Mór (roll number 9069)
- Location:
- Baunmore, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Mainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bán Mór
- XML Page 015
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuiadh mé síos an bóithrín agus chuaidh mé suas an bóithrín ar mo dhruimh.
Freagra:- dréimre
Fear san ngairdín agus céad chota air.
Freagra:- Meall cabáiste
Bíonn sé istigh san ló agus amhuigh san oidhche
Freagra:- laiste an dorais.
Sean bhean ar theach agus í ag caitheamh tobac.
Freagra:- deathach.
An fear do rinne é níor chaith sé ariamh é agus an fear do chaith é ní fhacha sé ariamh é.
Freagra:- conra
Céard a dhéanfadh péire bróig
Freagra:- dhá ceann.
Níl sé amhuigh ort , ní sé isthigh ort, acht tá sé ort agus ní trom leath é.
Freagra:- do ainm.
Lachann roimh dá lachainn, lachann idir dhá lachainn agus lachann ina(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Murchadha
- Gender
- Female
- Address
- Liscananaun, Co. Galway
- Informant
- Réamon Ó Réamon
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 43