Scoil: An Bán Mór (uimhir rolla 9069)
- Suíomh:
- Baunmore, Co. Galway
- Múinteoir: Liam Ó Mainnín

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 019
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bán Mór
- XML Leathanach 019
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé pósta. An bhean a phós sé bhí sí tar éis teacht ó Ameriocá agus ní raibhaithne ar bith aige uirthi. Theigeadh an bhean ar an gcéad Aifrinn gach domhnach agus an fear ar an dara Aifrinn. Bhíodh trioblóid eicínt ar chroidhe an fhir gach domhnach. Bhíodh an dinnéar réidh gach domhnach nuair a thagadh sé abhaile, ach mar sin féin bhíodh an trioblóid ar a chroidhe gach domhnach. Dubhairt an fear leis féin go bhfanfadh sé i bhfolach amuigh san sgioból an domhnach ina dhiaidh sin. Nuair a tháinig an domhnach chuir sé a éadaigh nua air agus d'imigh sé amach agus bhí an bean cinnte go raibh sé ag dul un an dara Aifrinn. D'fhan sé go ciún amuigh san sgioból agus é ag éisteacht. Fó dheireadh chuala sé an cainnt istigh san teach. Bhí an bhéan pósta cheana ach ní raibh fhios ag an bhfear seo é ar chor ar bith. Shiubhal sé isteach as an sgioból go ciún agus bhí an fear eile ag ithe a dhinnéar istigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Liam Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Liscananaun, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Choilleáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Liscananaun, Co. Galway