Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Killannin, Co. Galway
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 422
- XML “Gobán Saor”
- XML “Diarmuid agus an Óige”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Gobán Saor ina chomnuidhe i gCo. Mhuigheo in áit a dtugtar Cúl Céardcan air. Bhí sé ag déanamh caisleán in cuile áit in Éirinn. Bhí ochtar inghean aige agus anois agus aríst nuair a théigheadh sé abhaile ní bhíodh áthas mór air nuair nár gheall Dia aon mac dhó. Nuair a chonnaic an bhean as ordú é chuimnigh sí ar chleas agus rinne sí maltrait. Thug sise an inghean dho'n bhean eile (an) thug an bhean eilr an mac di sin.
Nuair a chonnaic an gobán an mac óg bhí sé sásta. - Aon lá amháin chuaidh Diarmuid, Goll, Conan agus Oscar amach ag fiadhach. Chuadar acar maith as baile. D'eirigh an oidhche ortha agus chuadar amugha. Chonnacadar solus uataibh, rinneadar air agus thanagadar go dtí teach. Bhuail siad ar an doras agus d'osgail sean-fhear é agus chuir sé céad míle fáilte roimh Fianna na h-Éireann.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Laidhig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Pollagh, Co. Galway