School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 422
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí 'sé ina dlighe i n-Éirinn fadó gach duine a dhóghadh chomh luath is a bhéidís trí sgór bliadhain d'aois.”
(continued from previous page)aige le sgeál innseacht dó. Sul ar thosuigh an mac ar a sgeál d'iarr sé ar an rí a beith i n-a margadh, an té (?) gheobhfadh locht ar a sgeál go gcuirfidhe 'cun baís é i n-aít an t-sean-fhir. Thosuigh sé:- "D'éirigh mise lá agus chuir mé an domhan ar fad le coirce, d'eirigh mé lá ar na bhárach agus bhí sé fá gheamhar agus d'eirigh mé lár na (?) agus bhí sé reídh le baint. Bhí girrfiadh sa gcoirce agus chaitheas an corrán leis agus chuir mé an corrán i n-a dhruim (?). Rith sé timcheall an domhain agus bain sé a dtaínig roimhe de coirce."
"Ara" arsa fear "ár ndoígh ní fhéadfadh duine ar bith sin a dheánamh."
Bhí locht fáighte aige ar an sgéal agus cuireadh cun baís é i n-aít an t-sean-fhir.Scéal
“Fadó bhí Éire clúdaighthe le coille agus driseacha.”
Fadó bhí Éire clúdaighthe le coillte agus driseacha. Ní raibh sa mbóthar atá i nDriseachán anois ach casán. Bhí fear de na Seoíghigh i n-a comhnuidhe ann agus bíodh sé amuigh go minic ag ól. Oidhche amháin bhí sé ag dul abhaile agus é ar meisge agus thuit isteach i dtom dris agus preáchadh ann é. Ós rud é gur b'iad na driseacha a marbhuigh é tugtar Driseachán ar an aít o shoin.Scéal
“Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht.”
Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Theas-(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway