School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 438
- XML “Sháraigh na Mná Harry Sceatail”
- XML “An Áit is Tiorma dá Ghabháltas”
- XML “Ádh ar an Amadán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sásta aca i n-a dhiaidh sin.
- An áit is tiorma dá ghábhaltas.
Bhí buachaill óg ann fadó agus bhí sé an-bhocht Tháinig an tighearna talmhan isteach lá ag iarraidh an chíosa. D'fhiafruigh sé de'n bhuachaill cá raibh a athair. Dubh[ai]rt seisean go raibh sé 'san áit is tiorma dá ghabhaltas Thug an tighearna talmhan £5 dó as innseacht cá raibh an áit sin. Dubhairt sé go dtiubharfadh sé tuille dhó ach nach raibh sé níos lugha ná £100 aige ach an chéad uair eile a casfaí leis é gur chuma cé mhéad a bhéadh aige ach go bhfuigheadh sé é. Chuaidh an tighearna amach an bóithr[ín] agus chuaidh an buachaill amach treasna an garrdha agus bhí sé roimhe ar an mbóthar. "Tá súil agam ar seisean gur fear do t'fhocal thú. Gheall tú go dtiubharfá tuille dom nuair casfaí leat arís mé." Fuair sé céad punt. - Ádh ar an amadán
Bhí fear bocht ann fadó agus bhí triúr mac aige. Bhí beirt aca an-ghlic acht ní raibh insan bhfear eile ach amadán. Nuair a bhíodar ag dul ag saothrughadh a mbeatha bhí an bheirt ghlic ag rádh go mbéidís féin an-t-saidhbhir agus nach mbéadh tada ar an amadán.(continues on next page)- Collector
- Cáit Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway