School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 461
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear i n-a chomhnuidhe i n-aice na fáirche fadó agus 'sé an t-ainm a bhí air ná Seán Ó Cullín.”
(continued from previous page)lochán beag ar bhárr Chnuic Mhám Treasna. Fuaireadar pota óir ar Chnoc Meádha ach nuair a chuadhadar go dtí an lochán bhí eascain mhóir amuigh ann agus ritheadar uaithe. Bhí a sáith acu dá uireasbhaidh. Níl aon chomhartha ar cheachtar de's na h-áiteacha. Tá an péire tuairims is céad slat ó'n mbóthar. Níor fhéach aoinne leis an gceann atá 'sa' lochán a fhághail.(no title)
“Bhí sean-bheirt i n-a gcomhnuidhe i gConamara fadó.”
Bhí sean-bheirt i n-a gcomhnuidhe i gConamara fadó. Máire an t-ainm a bhí ar an mnaoi agus Pádhraig ar an bhfear. Ní raibh aon chlann acu agus bhíodar an-bhocht. Ní raibh aon stuc acu ach dhá ghabhar. Lá amháin d'imthigh Pádhraig i gcoinne na ngabhar. Ní bhfuair sé iad agus tháinig sé ar ais go dtí Máire. Nuair a tháinig sé dubhairt Máire "tá na gabhair 'san aill atá istigh 'sa' ngleann". D'imthigh(continues on next page)- Collector
- Áine Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
- Informant
- Maoilsheachlainn Ó hAllmhúráin
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway