School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 492
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Chuaidh mé soir agus anoir an bóthar agus thug mé an rud liom nár theastuig uaim:- Dealg.
2. Droichead ar an loch gan cloch gan crann: Tuaith cheatha.
3. Carragán cloch taobh tháll de'n loch 'gus é lán le siuchra bán: Sneachta.
4. Tá sé 'san loch agus ní báidhtear é, tá sé san bhféar is ní gearrtar é, tá sé 'san siopa agus ní díoltar é: Grian.
5. Chaith mé máilín bán amach ar an loch agus níor leig sé deor isteach: [?]
6. Tá teach annsin thiar, thuillfeadh na céadthaí agus ní thuillfeadh leath mo chuid éadaigh ann: Teach siongáin. 7. Builtín iarainn agus iorbaillín olna as: Snáthaid.
8. Capall sa stábla agus ag rith i n-a cos i n-áirde: Túirne.
9. M'athair mór ar chúl an chófra agus céad cóta mór air: Gas cabáiste.
10. Firín beag dearg crochta as crann , cloch i n-a bholg agus maide i n-a cheann: Sgiothaire.
11. Tá sé annseo agus tá sé annsiúd agus tá sé i nGáirdín Bhaile Átha Cliath: Speal.
12. Chugat, chugat, thríd an ród, láir óg is í seitreach. Ball bán i n-a baithis agus teine ar 'ch aon taobh dhi: Urchar.
13. Dhá bhó mhaola ar chnoc na gaoithe, ceann 'san oidhche is ceann sa lá: An ghealach is an ghrian.
14. Meig, meig amuigh agus meig, meig istig. Ná bain leis agus ní bhainfidh sé leat: Neanntóg.
15. Níl sé istigh agus níl sé amuigh agus feicimíd i gcómhnuidhe é: Ursa an dorais.
16. Corcán óir agus é lán d'fheoil bheo: Méaracán.
17. Coinleóir óir é, seo go deó é. Tómhais go beó é nó mar(continues on next page)- Collector
- Áine Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
- Informant
- Maoilsheachlainn Ó hAllmhúrcáin
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway